Glacaim leis gur sonraí faoin gcúnamh bliantúil a íocadh leis na heagrais náisiúnta Ghaeilge atá á lorg ag an Teachta. Tá sonraí faoin méid a íocadh leis na heagrais sin le cúig bliana anuas leagtha amach mar thábla a fhoilseofar sa Tuarascáil Oifigiúil. Is caiteachas measta atá i gceist don bhliain reatha.
Ullmhaíonn na heagrais pleananna oibre bliantúla a chuirtear faoi bhráid na Roinne. Is bunchoinníoll de chúnamh ón roinn gur chun leas na Gaeilge a úsáidfear é agus cuirtear coinníollacha eile le ceadanna de réir mar is cuí.
Ar ndóigh, íocann mo Roinnse deontais freisin le heagrais Ghaeilge a fheidhmíonn ag leibheál áitiúil agus i leith tograí Gaeilge éagsúla. Tugtar sonraí faoin gcúnamh sin i gcuntais Leithreasa bliantúla na Roinne a fhoilsíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Íocann Bord na Gaeilge deontais freisin le roinnt eagrais Ghaeilge.