Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Nov 1997

Vol. 483 No. 5

Written Answers. - Monarcha i nGaoth Dobair.

Dinny McGinley

Question:

47 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta tionscal úr a lonnú i sean-mhonarcha Snáth Comer ar an Eastát Tionscail i nGaoth Dobhair. [20778/97]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur ceadaíodh togra nua d'iarmhonarcha Snáth Comer le déanaí agus go bhfuil cuid den mhonarcha le cóiriú le cur in oiriúnt dó. Tá sprioc fostaíochta de 30 post don ghnó faoin gcéim forbartha atá aontaithe anois. Tá súil ag an Údarás go rachaidh an gnóthas i mbun trádála i 1998.

Top
Share