Faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge íoctar deontas laethúil le teaghlaigh cháilithe sa Ghaeltacht a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas fad a bhíonn siad ag freastal ar Choláistí Gaeilge aitheanta. Bíonn na cúrsaí seo ar siúl i rith an tsamhraidh go príomha. Íoctar deontas faoin scéim freisin i leith foghlaimeoirí a bhíonn ag freastal ar choláistí cónaithe áirithe.
Is é bunchuspóir na scéime ná deis a thabhairt d'fhoghlaimeoirí tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht d'fhonn teacht isteach ar bhlas agus líofacht nádúrtha na Gaeilge trína gcaidreamh le cainteoirí dúchais.
Cé go bhfuilim sásta go ginearálta leis an scéim agus go bhfuil torthaí fiúntacha á mbaint amach, tá athbhreithniú á dhéanamh agam uirthi chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh an tairbhe is fearr is féidir á fháil ag an Stát ar a chaiteachas.
Seo a leanas líon na bhfoghlaimeoirí ar íocadh deontas ina leith faoin scéim le trí bliana anuas:— 1995, 22,650; 1996, 22,580; 1997, 22,800 (measta). Mar a thug mé le fios i bhfreagra ar Cheist Dála ar 23 Deireadh Fómhair 1997 (Uimhir 47) tá an cheist faoi árdú ar an deontas do 1998 á scrúdú agam faoi láthair.