Tá cúnamh substaintiúil á chur ar fáil ag mo Roinnse chun cabhrú leis an gceol agus leis an daonchultúir traidisiúnta. Luaim ach go háirithe an deontas bliantúil a íoctar le Comhaltas Ceolteoirí Éireann (£195,000 ceadaithe do 1997), an tOireachtas (£110,000 ceadaithe do 1997), an Gael Acadamh (£31,000 ceadaithe do 1997) agus Siamsa Tíre (£30,000 ceadaithe do 1997). Ar ndóigh tríd is tríd bíonn ról ag na heagrais Ghaeilge a fhaigheann cúnamh ó mo Roinnse sa réimse gníomhaíochta seo, mar shampla, Gael-Linn trí imeachtaí cosúil le Slógadh. Bíonn cúnamh ar fáil freisin ó mo Roinnse ag dreamanna eile a bhíonn an ceol agus an cultúr traidisiúnta á gcur chun cinn acu ar fud na tíre. Tá cúnamh curtha ar fáil thar na blianta ag mo Roinnse chun ionaid Ghaeilge a fhorbairt i mbailte agus i gceantair éagsúla ar fud na tíre agus bíonn ceol agus rincí traidisiúnta mar chuid de na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sna hionaid sin.
Sna Gaeltachtaí, ar ndóigh, bíonn cúnamh ar fáil chun ionaid phobail agus hallaí a fhorbairt agus arís bíonn an ceol agus an daonchultúr traidisiúnta á gcur ar aghaidh iontu.
Comh maith leis an gcúnamh a bhíonn ar fáil ó mo Roinnse bíonn cúnamh ar fáil ó Bhord na Gaeilge agus ón gComhairle Ealaíon, dhá eagras Stáit atá faoi choimirce mo Roinne, d'imeachtaí den chineál seo. Foilsítear sonraí faoin gcúnamh a thugtar do thograí eagsúla i dTuarascálacha Bliantúla na nEagras sin.