Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Jan 1998

Vol. 486 No. 1

Written Answers. - Scoileanna Gaeltachta.

Michael D. Higgins

Question:

851 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais agus Eolaíochta toisc gur féidir leis an Aire Oideachais Ordú a dhéanamh faoi mhír 103 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, agus aitheantas faoi leith agus deontas dá réir a thabhairt do scoileanna Gaeltachta faoi bhainistiú na gCoistí Gairmoideachais, cé mhéid scoil Ghaeltachta atá faoi chúram na gCoistí Gairmoideachais a bhfuil an t-aitheantas cuí acu; cé mhéid nach bhfuil; an bhfuil sé i gceist an t-aitheantas seo a thabhairt dóibh nach bhfuil acu; cé mhéid de dheontas is féidir leis an Aire a thabhairt; an mbeadh sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar luach an deontais seo. [1401/98]

Glacaim leis gur mhian leis an Teachta a fháil amach, trí'n gceist seo, uimhir na scoileanna Gaeltachta faoi chúram Coistí Gairmoideachais a bhfuil aitheantas buan nó aitheantas sealadach acu.

Faoi láthair tá dáréag scoileanna iar-bhunoide-achais ar fad faoi chúram Coistí Gairmoideachais ag feidhmiú ins na ceantair Ghaeltachta. Tá aitheantas buan ag aon cheann déag díobh san. ‘Sé Coláiste Gobnait, Inis Oírr, an t-aon scoil le h-aitheantas sealadach. Déanfar cás na scoile sin a chíoradh i mo Roinn má fhaightear iarratas ina leith ó Choiste Ghairmoideachais Chontae na Gaillimhe.

Íoctar costaisí reatha gairmscoileanna, na scoileanna a aithnítear faoi mhír 103 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, san áireamh, as an deontas iomlán a sholáthraíonn mo Roinn dos na Coistí Gairmoideachais. Laistigh de'n mhór-dheontas seo, is féidir le Coistí achmhainní breise a dháileadh ar na scoileanna ina bhfuil na hábhair scoile, taobh amuigh den Ghaeilge fhéin, á mhúineadh trí Ghaeilge.

Top
Share