Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Feb 1998

Vol. 486 No. 5

Ceisteanna—Questions. Priority Questions. - Inis Bigil, Contae Mhaigh Eo.

Enda Kenny

Question:

3 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén cinneadh atá déanta aici i leith na ndeacrachtaí atá ann rochtain ar Inis Bigil, Contae Mhaigh Eo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2981/98]

Thug mé cuairt ar Inis Bigil agus phléigh mé na deacrachtaí a bhaineann le bealach sábháilte go dtí an mórthír agus ar ais le pobal an oileáin. Tuigim go bhfuil na hoileánaigh i bhfábhar carr-chábla mar leigheas ar na fadhbanna seo agus go bhfuil iarratas déanta chuig Comhairle Chontae Mhaigh Eo ar chead pleanála. Níl toradh ar an iarratas sin fós. Tuigim freisin go dteastódh ceadúnas cladaigh ó Roinn na Mara agus Acmhainn Nádúrtha sula bhféadfaí dul ar aghaidh le carr-chábla.

Nuair a bheidh an réamhobair déanta ag pobal an oileáin beidh mé ag súil le hiarratas nua le costaisí measta uathu. Déanfar an t-iarratas ar chúnamh ó mo Roinnse a mheas agus cinneadh a dhéanamh ina leith chomh luath agus is féidir ansin.

Tá an tAire Stáit ag dul siar an t-am ar fad: is é Éamon na ngeallúintí anois. Seo é an ceathrú ceist atá curtha síos agamsa faoin ábhar seo agus is éard atá sa cheist seo ná an bhfuil cinneadh déanta ag an Aire Stáit. Gheall sé go ndéanfadh sé cinneadh go luath tar éis dó a bheith thíos ann — thug sé cuairt, labhair sé le muintir an oileáin, tá an t-eolas go léir aige agus tá an freagra a thug sé dom inniu bunaithe ar an iarratas a chuir muintir Inis Bigil chuig an chomhairle contae. Ní sin an cheist atá curtha síos agamsa don Aire Stáit. Cén cinneadh atá déanta aige? An bhfuil sé báúil leis an carr-chábla seo, an bhfuil slí isteach eile beartaithe agus cathain a dhéanfar cinneadh faoi sin?

Ba mhaith liom soiléiriú beag a thabhairt don Teachta. Ní fhéadfainn cinneadh a dhéanamh gan iarratas agus mar is eol don Teachta bhí sean-iarratas curtha isteach a mbeidh athnuachan le déanamh air i gcomhthéacs na gcostas a bhainfidh le hiarratas nua. Freisin, beidh ar an dream a chuirfidh an t-iarratas isteach a rá an bhfuil na foinsí airgid a bhí measta acu ag an am sin le fáil don togra seo anois. D'fhéadfadh impleachtaí costais a bheith ag baint le coinníollacha a ghabhfadh leis an iarratas pleanála.

Ag éirí as an gcuairt a thug mise ar Inis Bigil agus as cuairt a thug oifigeach de mo Roinnse ar an oileán le mí anuas, táimid réidh anois chun glacadh le hiarratas ón gcomharchumann ansin ar charr-chábla a chur isteach. Nuair a gheofar an t-iarratas sin, déanfar é a mheas go scioptha. Caithfear na himpleachtaí airgid a bhainfidh leis a scrúdú agus mar sin beidh mé ag iarraidh meastachán athbhreithnithe ón gcomharchumann maidir le foinsí airgid.

Idir an dá linn, tá roinnt mioncheisteanna curtha ag an Roinn ar Roinn na Mara. Táimid ag súil le freagra uathu réasúnta luath agus cead pleanála a bheith ar fáil maraon le hiarratas nua ón gcomharchumann ar an gcarr-chábla, ní chuirfidh aon fhiosrúchán atá an Roinn ag déanamh ag an am gcéanna aon mhoill ar chinneadh a dhéanamh ar iarratas an chomharchumainn.

Tá súil agam go bhfuil an Teachta sásta go bhfuil gach dícheall á dhéanamh ag an dá thaobh, an comharchumann agus an Roinn i dteannta a chéile, chun an cheist seo a bhrú chun críche. Beidh fadhb Inis Bigil ó thaobh cúrsaí rochtana réitithe i dtéarma an Rialtais seo, rud ar trua nach dearnadh i dtéarma an Rialtais dheiridh.

Tá mé fíormhíshásta leis an bhfreagra seo. Níl sé fíor go gcaithfí go mbeadh iarratas curtha chuig Roinn an Aire Stáit. Cúpla bliain ó shin, nuair a bhí Cathal Ó hEochaidh ina Thaoiseach, chuaigh sé síos go hInis Tuirc agus thug sé airgead dóibh do ché nua gan iarratas ar bith a bheith curtha isteach. Thug an tAire Stáit seo geallúint do mhuintir Inis Bigil go poiblí go ndéanfadh sé cinneadh faoin gceist seo. Is léir nach bhfuil sé báúil leis an gcarr-chábla agus cad chuige nach ndéarfadh sé é sin leis na daoine ach go dtabharfaidh sé airgead do shlí isteach eile don oileán?

Beidh iontas ar an Teachta ag an deireadh. Níl aon bhealach agam le cinneadh a dhéanamh nuair nach bhfuil na costais mheasta agam. Cinneadh faoi cé mhéid de dheontas a thabharfar an cinneadh atá le déanamh. Freisin, is dóigh go mbeidh lucht an chomharchumainn ag iarraidh deis a bheith acu dul tríd na meastacháin a cuireadh isteach cheana mar bhí foinsí airgid luaite iontu agus níl a fhios agam an bhfuil na foinsí airgid sin ar fáil fós. An rud atá á rá agam inniu agus atá pléite go mionn ag oifigigh na Roinne le muintir an oileáin ná an cur chuige a leanfar sa chás seo.

Ar an bpoinnte go mbeidh an cead pleanála faighte agus go mbeifear in ann meastachán réasúnta cruinn den chostas a bhainfidh leis a chur chuig mo Roinn, beidh fáilte roimhe agus déanfar an cás a bhreithniú gan mhoill. Bhí mé ag breathnú ar fhéidearthachtaí éagsúla. tá an obair sin tugtha beagnach chun crícha againn agus tá mé ag fanacht ar fhreagra amháin. Is cosúil go mbeidh an t-eolas sin agamsa i bhfad sul a mbeidh an comharchumann réidh chun iarratas críochnúil a chur isteach faoinar féidir ceadú airgid a bhunú, Ag deireadh an lae, nach faoi sin atá sé? Go gceadófar airgeadh sonrach chun ligint do thogra dul ar aghaidh seachas a rá go ginearálta go bhfuiltear i bhfábhar. Ní féidir leis an togra seo dul ar aghaidh gan meastachán cruinn agus gan cead pleanála agus ceadúnas cladaigh.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé ag fanacht le freagra amháin. Cad í an cheist ar a bhfuil sé ag fanacht le freagra? Tar éis a chuairte ar an oileán, tá a fhios ag an Aire Stáit nach bhfuil sé ar chumas an chomharchumainn seo airgead ar bith a bhailiú agus go gcaithfidh sé deontas iomlán a thabhairt, cibé cinneadh a dhéanfar.

Tá dhá cheist féaráilte ansin. Nuair a fhreagróidh mé tá súil agam go dtuigfidh an Teachta go bhfuilim ag plé leis an ábhar seo go fíordháiríre ach go bhfuil na cuinsí athraithe go mór ó cuireadh isteach an t-iarratas cheana.

Maidir leis na ceisteanna a chuir mé ar Roinn na Mara, is mar seo atá. Nuair a scrúdaigh muid na tuarascálacha a bhí curtha ar fáil cheana bhí ceist amhain maidir le malairt bealaigh isteach chun na hoileáin go raibh mé ag iarraidh a sheiceáil an féidir é. Tá ceist shimplí curtha agam i litir ghairid chuig Roinn na Mara, tá an cheist pléite acu agus táimid ag súil le freagra uathu go gairid. Nuair a gheofar é, beidh na roghanna soiléir agus déanfar cinneadh. Cheana féin, is léir go bhfuil rogha an-teoranta againn.

Tá mé ag iarraidh an oiread eolais agus is féidir a thabhairt don Teachta. Nuair a measadh na costais cheana, iomlán de £700,000 a bhí i gceist nó trí cheathrú milliúin punt. Ag an am sin, ní rabhthas ag lorg ach £300,000 ón Roinn mar bhí go leor foinsí airgid eile luaite, an pobal ina measc. Caithfear é sin ar fad a athscrúdú agus ní haon mhaith domsa dul amach gan seiceáil an bhfuil na foinsí airgid seo ar fáil. Táimid ag obair i bpáirtíocht le pobal an oileáin, táimid i dteangbháil leanúnach leo agus tuigeann siad an clár oibre. Tá pobal an oileáin sásta leis an gcur chuige, mar a thuigim ó mo chuid oifigigh agus más amhlaidh ba chóir dúinn glacadh leis go bhfuil an cur chuige is fearr i bhfeidhm.

Top
Share