Is oth liom gur chinn Aer Árainn gan leanacht den tseirbhís seacht lá den tseachtain.
Is é Údarás na Gaeltachta áfach, a thugann fóirdheontas bliantúil d'Aer Árann agus bíonn teagmháil leanúnach idir an tÚdarás agus an comhlacht faoin tseirbhís, chomh maith le hathbhreithniú bliantúil. Is ceist don Údarás é mar sin i gcomhar leis an gcomhlucht socrú cen tseirbhís a chuirfear ar fáil don fhóirdheontas a íoctar. Tuigtear dom gur é atá sa gconradh idir an tÚdarás agus Aer Árainn ná bun sheirbhís sé lá den tseachtain.