Eamon Gilmore
Question:275 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain atá sé i gceist ag an Aire, athrú a chur ar an dlí, nach gceadaíonn d'iarratasóir ón nGaeltacht, atá ina chónaí go sealadach i gceantar lasmuigh den Ghaeltacht, deontas a fháil do theach nua sa Ghaeltacht, a chuirfidh ar a chumas buanchónaí a dhéanamh sa Ghaeltacht agus an gcuirfear iarratais atá istigh, san áireamh, faoin dlí nua. [4614/98]