Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 May 1998

Vol. 490 No. 5

Written Answers. - Irish Language.

Enda Kenny

Question:

252 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé na pleananna atá aici chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a chaomhnú agus an ndeanfaidh sí raiteas ina leith. [10601/98]

Enda Kenny

Question:

254 Mr. Kenny asked the Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands the plans, if any, she has to restore the Irish language; and if she will make a statement on the matter. [10643/98]

Tógfaidh mé Cheist Uimh. 252 agus Ceist Uimh. 254 le chéile.

Tá straitéis an Rialtais i dtaca le buanú agus cur chun cinn na Gaeilge, agus na céimeanna praiticiúla a nglacfar chuige sin, leagtha amach i gClár an Rialtais. Léiríonn an Clár sin na céimeanna a ghlacfar a bheidh dírithe ar úsáid na Gaeilge a bhuanú sa Ghaeltacht agus a leathadh sa chuid eile den tír. Aithníonn an Clár go mbeidh ról lárnach ag an tSeirbhís Phoiblí i gcoitinne, agus ag an gCóras Oideachais ach go háirithe, i bhfeidhmiú an pholasaí sin.

Maidir le mo Roinnse, tá sé mar bhunaidhm aici an Ghaeilge a bhuanú mar ghnáthurlabhra sa Ghaeltacht agus a húsáid a leathadh sa chuid eile den tír.

Laistigh den Ghaeltacht leanfaidh mo Roinnse, agus Údarás na Gaeltachta, trí na scéimeanna cúnaimh agus gríosaithe dá gcuid, de bheith ag cuidiú le forbairt teanga agus cultúir, le forbairt tionscail, feabhsú infrastruchtúir agus le forbairt pobail ar mhaithe le buanú na Gaeilge inti.

Lasmuigh den Ghaeltacht leanfaidh agus treiseoidh mo Roinnse agus Bord na Gaeilge a n-iarrachtaí chun úsáid na Gaeilge mar theanga bheo a spreagadh ar fud na tíre trí scéimeanna agus tionscnaimh dá gcuid féin agus trí chúnamh a thabhairt d'eagrais eile atá ag gníomhú ar son na Gaeilge.

Tá tús curtha le hobair chun Bille Teanga don Ghaeilge a dhréachtadh a bheidh mar chuspóir aige feabhas a chur ar an scéal maidir le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge do phobal na tíre. I dtaca leis sin de dírim aird an Teachta ar an aitheasc uaim i dtaobh na ceiste sin os comhair an Chomhchoiste um Oidhreacht agus an Ghaeilge ar 10 Márta seo caite.
Top
Share