Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 May 1998

Vol. 490 No. 6

Written Answers. - Ceantair Speisialta Chaomhnaithe.

Michael D. Higgins

Question:

76 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéad cruinnithe a eagraíodh i ngach contae chun limistéir speisialta caomhnaithe a phlé ón am a tháinig an Rialtas in oifig. [10853/98]

Ta líon na gcruinnithe eolais ar na Ceantair Speisialta Chaomhnaithe (SAC) a tharla i ngach contae ó tháining an Rialtas seo i réim liostáilte agam thíos. Tá an próiseas comhairleach leis na húinéirí talún ag leanúint agus tionólfar cruinnithe breise sna míonna atá le teacht.

Cúige Chonnacht

Cúige Laighean

Gaillimh

41

*Ceatharlach

Liatroim

3

**Bail Átha Cliath-Cill Dara-Cill Mhantáin

97

Maigh Eo

15

Cill Chainnigh

1

Ros Comáin

20

Laois

1

Sligeach

2

An Longfort

1

An Mhí

3

Uíbh Fhailí

2

An Iarmhí

3

Loch Garman

10

Cúige Mumhan

Cúige Uladh

An Clár

35

An Cabhán

10

***Corcaigh

1

Dún na nGall

8

Ciarraí

25

*Muineachán

Luimneach

15

Tiobraid Árann

2

Port Láirge

10

Chomh maith leis sin, bhí sé chruinniú idir oifigigh mo Roinne agus eagraíochtaí feirmeoireachta éagsúla agus dhá chruinniú le heagraíochtaí chaomhnaithe neamhrialtais i mBaile Átha Cliath. Buaileann oifigigh mo Roinne leis na hÚdaráis Áitiúla agus le Ranna Rialtais eile faoi mar is gá.
Ta cruinnithe le húinéirí talún ar leith tar éis tarlú agus beidh a thuilleadh acu ann amach anseo.
* Níl aon suímh SAC i gContae Cheatharlach nó i gContae Mhuineachán faoi láthair.
** Cruinnithe le daoine aonair ina measc
*** Trasnaíonn Contae Chorcaí dhá réigiún fia-dhúlra — i Réigiún an Deiscirt, áit a bhfuil formhór de na suíomh beag, bhí cruinnithe húinéirí aonarcha. Sna Gaibhlte agus i Sléibhte an Chomaraigh bhí roinnt cruinnithe le feirmeoirí caorach agus le sleádóirí.
Top
Share