Dé hAoine seo caite fuair 15 de na fostaithe i Telegael fógra go raibh a bpostanna ag imeacht. Bhain siad go léir leis an rannóg athghuthaithe agus deineadh an cinneadh iad a scaoileadh thar oíche agus ní raibh fógra acu. Chomh maith leis sin bhíodar ag obair taobh istigh den Chomhlacht ar tháirgí nua a chur ar fáil agus margaí nua a aithint. Bhíodar á dtraenáil i scileanna breise ionas nach mbeadh orthu a bheith ag braith ar ábhair athghuthaithe amháin ag deireadh na bliana. Tríd an fógra seo beidh deireadh leis an ullmhúchán sin a bhí ar siúl acu.
Ar bhuail an tAire Stáit leis ha hoibrithe atá i gceist? An raibh teangbháil aige leis an Údarás nó an bhfuil aon socrú déanta deontais speisialta traenála a chur ar fáil do fho-chomhlacht taobh istigh den chomhlacht chun go mbeidh ar a gcumas an cúrsa atá ar siúl acu a chríochnú?
Taobh amuigh de sin tá atmasféar uafásach le haireachtáil i nGaeltacht na Gaillimhe faoi láthair ó thaobh Teilifís na Gaeilge de. Bhí sé iontuigthe i gcomhnaí go mbeadh méadú airgid le fáil ag TnaG gach bliain chun cur ar a gcumas leathnú. Ach an rud atá ag tárlú faoi láthair ná go bhfuil píonós á chur orthu mar thoradh ar an miorúilt a rinne siad agus an méid uaireannta a chuir siad ar fáil agus mar sin de. Ní bhfuair siad áfach an méadú a bheadh ag teastáil ó stáisiún nua chun cláracha a choimisiúniú.
Ar thug an tAire Stáit freagra do na hoibrithe ar an litir a chuir siad chuige ar an 7 Bealtaine? D'iarr siad ar an Aire idirghabháil a dhéanamh idir an tÚdarás agus TnaG chun seift a chumadh chun go mbeadh siad in ann a bpostanna a choinneáil. Baineann an 15 leis an nGaeltacht. Is as an Ghaeltacht iad.
Tá easpa suime i gcúrsaí clos-amharc agus i gcúrsaí scannáin le haireachtáil ag an pointe seo agus tá sin ag déanamh damáiste mór don Ghaeltacht agus don bhfostaíocht a bhaineann le clos-amharc agus le scannáin. Dá bhrí sin iarraim go speisialta ar an Aire Stáit a rá cén sórt scéime atá aige anocht dos na hoibrithe atá i gceist. Cad tá sé chun a dhéanamh? Nó b'fhéidir, os rud é go bhfuil sé ag seasamh isteach i gcúrsaí craolacháin agus scannánaíochta anocht, go mbeidh sé in ann a rá an bhfuil aon chinneadh déanta ag an Aire sinsearach Síle de Valera chun dul i gcabhair ar na hoibrithe agus na deacrachtaí a shárú.
An féidir leis a rá an mbeidh airgead breise á lorg sna meastacháin do TnaG chun cur ar a gcumas an coimisiúniú a leanúint nó b'fhéidir seift a chumadh sa ghearr-théarma chun go mbeadh sé ar chumas na n-oibrithe leanúint ar aghaidh.
Grúpa cruthaitheach iad as an Ghaeltacht atá ag cailliúint a bpostanna go tobann gan aon sainmhíniú. Tá sé scannalach.