Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Jun 1998

Vol. 491 No. 6

Written Answers. - Harbours and Piers.

Dinny McGinley

Question:

227 Mr. McGinley asked the Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands if her attention has been drawn to the handling difficulties at Leabgarrow Pier, Arranmore Island; the plans, if any, her Department has to carry out renovation work at this pier; and when work will commence. [12908/98]

Tuigim go mbíonn deacrachtaí áirithe ag an mbád farantóireachta teacht i dtír ag an gcé ag Leab Garbh, Árainn Mhór. Tá tuarascáil innealtóireachta agus reamh-mheastachán costais a fuarthas ó Roinn na Mara agus Achmainní Nadúrtha maidir le hoibreacha feabhsúcháin ag an gcé á meas ag mo Roinnse faoi láthair. Beidh céimeanna áirithe maidir le cead pleanála agus cladaigh le glacadh anois agus tá súil agam go ndéanfar dul chun cinn maidir leis na nithe sin go luath.

Top
Share