Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Bád Seoil an Asgard.

John Browne

Question:

80 D'fhiafraigh Mr. Browne (Carlow/Kilkenny) den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas faoi pholasaí na Roinne i leith bhád seoil an Asgard atá faoi láthair taobh istigh de Mhúsaem Chill Mhaighneann; céard atá i ndán di agus í i seilbh Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus na Sealúchas Stairiúil; agus cá mhéad airgid a chaithfear uirthi i mbliana. [14507/98]

Gach rud san áireamh, bheinn i bhfábhar an tAsgard a chaomhnú agus a chur ar taispeántas i láthair stairiúil cuí. Tagann an dearcadh seo ó aicmiú an bháid mar shéadchomhartha seandálaíochta, óna luach intreach stairiúil, agus ón ngannchuid bád den chineál deartha tábhachtach seo. Tá réamh-phleananna á ullmhú ag Dúchas, The Heritage Service chun na hoibreacha riachtanacha caomhnaithe a dhéanamh sa chás, agus tá thart ar £10,000 caite go dáta ag mo Roinn ina leith. Tá achainí déanta, áfach, ag páirtithe a bhfuil suim acu an bád a chaomhnú mar bhád lán-fheidhmiúil don fharraige. Tá sé seo á phlé faoi láthair idir an Roinn Cosanta, mo Roinnse agus na páirtithe i gceist chun a chinntiú an mbeadh an rogha seo inghlactha i gcás séadchomhartha oidhreachta chomh tábhachtach leis seo.

Top
Share