Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 Jun 1998

Vol. 492 No. 7

Written Answers. - Oibreacha Feabhsúcháin.

Dinny McGinley

Question:

284 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna chun obair dheisiúcháin a dhéanamh ar Ché Mhálanna Móire i nDún na nGall. [14934/98]

Tá deontas £8,500 nó 50 per cent den chostas ceadaithe le tamall do Chomhairle Chontae Dhún na nGall mar chabhair chun oibreacha feabhsúcháin áirithe a chur i gcrích agus an balla cosanta a athchóiriú ag Cé Mhálainn Mhóir, Co. Dhún na nGall.

Tuigtear ón gComhairle Chontae go bhfuil i gceist acu tosú ar an obair seo i mí Iúil agus go bhfuiltear ag súil go gcríochnófar é roimh dheireadh na bliana seo.

Top
Share