Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe dhá iarratas isteach le h-aghaidh maoiniú a fháil don R340 i 1999 faoi scéim chomh-mhaoinithe dheontas sainfheabhsuithe de chuid an Aontais Eorpaigh (Scríob-Cill Chiaráin agus Flannery Bridge).
Beidh na h-iarratais seo, chomh maith leis na h-iarratais uilig eile le h-aghaidh deontais chomh-mhaoinithe de chuid an Aontais Eorpaigh, á mheas i mo Roinnse. Beidh dáileadh na n-iarratas ag brath ar a n-inghlactacht le coinníollacha dochta an Aontais Eorpaigh, an tosaíocht a bhaineann le tionscnaimh ar leith, na héilimh ó údaráis áitiúla eile, an t-airgead atá ar fáil agus riachtanais cheantair éagsúla.