Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Oct 1998

Vol. 495 No. 2

Written Answers. - Cé Poll a'Mhadaigh (Dún na nGall).

Dinny McGinley

Question:

179 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhféadfadh sí deontas a cheadú le dréimire breise a chur i lár na cé ag Poll a'Mhadaidh ar Árainn Mhór áit a mbeidh sé níos áisiúla do bháid a bhaineann úsáid as. [19801/98]

Níl aon iarratas faighte ag mo Roinnse i leith dréimire breise a chur i lár na céibhe ag Poll a'Mhadaidh, Árainn Mhór. Ach iarratas a bheith faighte, déanfar an cás a mheas i gcomhthéacs iarratas eile agus an airgid atá ar fáil do mo Roinn.

Top
Share