Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Nov 1998

Vol. 497 No. 3

Written Answers - Irish Language Usage.

Seymour Crawford

Question:

23 Mr. Crawford asked the Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands if she has investigated the potential of telecentres using the Irish language; and if she will make a statement on the matter. [24844/98]

De réir mar a thuigim an scéal is é atá i gceist ag an Teachta ná Ionaid a bhunú óna múinfí an Ghaeilge ag baint úsáide as an tseirbhís theileafóin.

Ar an gcéad dul síos caithfear a rá nach bhfuil easpa deiseanna ann chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Anuas ar an gcóras oideachais do lucht scoile agus do dhaoine fásta cuireann eagrais dheonacha Ghaeilge ranganna ar fáil ar fud na tíre. Chomh maith leis sin tá suíomh ar an idirlíon chun an teanga a fhoghlaim. Cuireann mo Roinnse cúnamh ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge chun a chumasú do dhaltaí tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó snas a chur uirthi. Cuireann Gaeleagras na Státseirbhíse cúrsaí sa Ghaeilge ar fáil do státseirbhisigh sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Ta saoruimhir ghutháin ag Bord na Gaeilge ónar féidir eolas a fháil faoi ranganna Gaeilge.

Ar ndóigh, tá roinnt teile — tithe bunaithe sa Ghaeltacht faoina gcuirtear seirbhísí ríomhaireachta nó oifige ar fáil don phobal agus do ghnóthaí ann. Tá staidéar ar siúl freisin ag Údarás na Gaeltachta faoi na féidearthachtaí a bhaineann le gnóthaí teileachumarsáide teangabhunaithe.

Má tá deiseanna ann chun an nuatheicneolaíocht a úsáid chun an Ghaeilge a mhúineadh agus seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil, is féidir glacadh leis go mbeidh mo thacaíocht ar fáil dó.

Top
Share