Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Dec 1998

Vol. 497 No. 5

Written Answers - Cé Malainn Mhór (Dún na nGall).

Dinny McGinley

Question:

283 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an gceadófar deontas le haghaidh crann tochrais don chéibh ag Málainn Mhór i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [25668/98]

Níl aon iarratas faighte ag mo Roinnse i leith chrann tochrais do Ché Mhalainn Mhóir, Contae Dhún na nGall. Ach iarratas a bheith faighte déanfar an cás a mheas i gcomhthéacs iarratais eile atá faighte agus an tairgead atá ar fáil do mo Roinnse.

Ní mór dom a lua, áfach, gur ceadaíodh deontas £8,500 nó 50 faoin gcéad den chostas, cibé acu is lú, do Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar 24 Iúil 1996 mar chabhair chun oibreacha feabhsúcháin áirithe a chur i gcrích ag an gcé seo. Níl an deontas sin íochta fós toisc nach bhfuarathas éileamh ina leigh go fóill.

Dinny McGinley

Question:

284 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna aici le fostaíocht a chruthú i gceantar Ghleann Cholm Cille i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [25669/98]

Ar ndóigh is ngó don Údarás go príomhá fostaíocht a chruthú sa nGaeltacht agus tá áthas orm go raibh ar mo chumas soláthar mór breise airgid a chur ar fáil don Údarás do 1999. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur tháinig méadú bliantúil ar an bhfostaíocht i gceantar Ghleann Cholm Cille le blianta beaga anuas i gcaoi is go raibh 58 nduine fostaithe go lánaimseartha agus 26 dhuine go páirtaimsearthaséasúrach ag deireadh 1997 i ngnóthais ann a fuair cúnamh ón Údarás.

Bíonn iarrachtai leanúnacha ar bhun ag an Údarás chun teacht ar thionscail nua agus chun cuidiú le forbairt a dhéanamh ar na tionscail atá lonnaithe sa cheantar cheana féin agus leanfar leis na hiarrachtaí sin.

Top
Share