Chuir Údarás na Gaeltachta an preasráiteas seo a leanas amach ar 10 Feabhra maidir leis an togra i gceist:
Bhí cruinniú ag Leas-Phríomhfheidhmeannach de chuid an Údaráis le hiondaithe an chomhlachta Ho Yan Hor in Malaysia an tseachtain seo caite leis an togra atá ceadaithe don Chlochán Liath a phlé.
Ó tharla go bhfuil sé dhá bhliain ó cuireadh na meastacháin airgeadais don togra seo le chéile an chéad uair agus os cionn bliana ó cheadaigh an tÚdarás tacaíocht dó tá sé aontaithe ag an dá thaobh go ndéanfar athbhreithniú ar na meastacháin airgeadais, ar na margaí agus ar scóip an togra. Ag éirí as sin táthar ag siúl le cinneadh faoi chur i bhfeidhm an togra roimh dheireadh mhí Aibreáin.
Ní féidir liom aon rud a chur faoi láthair lena bhfuil sa phreasráiteas sin.