Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 2 Mar 1999

Vol. 501 No. 3

Written Answers. - Oileán Arainn Mhór.

Eamon Gilmore

Question:

303 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an féidir scrúdú a dhéanamh maidir le deontas a chur ar fáil le cosaint a thabhairt ag na Clocha Cora, Oileán Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall, áit a bhfuil creimeadh cósta ag cur tithe cónaithe agus bóthar poiblí i mbaol. [5926/99]

Tá an fhadhb seo ag na Clocha Cora, Oileán Árainn Mhóir á plé ag mo Roinnse le Chomhairle Chontae Dhún na nGall faoi láthair. Ach meastachán a bheith faighte ón gComhairle Chontae i leith na n-oibreacha atá i gceist, déanfar an cás a mheas i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil do mo Roinnse i mbliana agus na n-iarratas eile atá faighte.

Beidh áthas ar an Teachta a chloisint go bhfuil meadú suntasach don dara bhliain as a chéile ar an gcistiú atá ar fáil d'fhorbairt na n-oileán i 1999.

Top
Share