Tá fúm Ceisteanna Uimh. 155 agus 156 a thógaint le chéile.
Is é polasaí na Roinne ná cáipéisí a fhoilsiú trí Ghaeilge agus trí Bhéarla.
Ullmhaíodh an Páipéar Uaine i mBéarla ar dtús. Ag féachaint don phráinn a bhain lena fhoilsiú, agus don mhórshaothar a bhainfeadh le Gaeilge a chur ar imleabhar chomh mór leis, ní bheadh sé praiticiúil moill a chur lena eisiú go dtí go mbeadh sé aistrithe. Thosaigh an próiséas comhairleach díreach i ndiaidh a fhoilsithe agus tá sé ar siúl i gcónaí ó shin. Mar chríoch leis an bpróiséas seo, eiseofar Páipéar Bán níos déanaí sa bhliain. Beidh sé i nGaeilge agus i mBéarla. Idir an dá linn, tá socrú déanta achoimre den Pháipéar Uaine a eisiú san dá theanga.
Is é atá sa Pháipéar Uaine ná cáipéis shealadach, sa mhéid is gur eisíodh é chun díospóireacht náisiúnta a spreagadh don Pháipéar Bán.
Táim ag súil le próiséas comhairleach forleathan agus tá méid suntasach airgid á chaitheamh ag an Roinn chun na críche seo. Níl sé i gceist, áfach, deontais a bhronnadh ar eagrais aonoracha le haghaidh a gcuid próiséas comhairleacha féin.
Níl socrú déanta seimineár ar leith a thionól d'aosoideachas Gaeilge agus Gaeltachta, ach is féidir an t-ábhar a phlé ag ceann ar bith de na seimineáir réigiúnacha atá ar siúl faoi láthair, a bhfuil saorchead isteach ag cách iontu, nó aighneacht a chur go dtí an Roinn.