Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Jun 1999

Vol. 506 No. 5

Written Answers. - Tiousclaoíchta Gaeltachta.

Enda Kenny

Question:

207 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil imní uirthi faoi líon na bhfostaithe sna monarchana i dTuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo; an bhfuil a fhios aici go bhfuil cuid acu ligthe leo, go bhfuil an chuid eile ag obair trí lá sa tseachtain agus go bhfuil sé in am anois cabhair Údaráis a thabhairt dóibh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [15938/99]

Is ábhar imní dom féin mar Aire Stáit a bhfuil cúram air i leith na Gaeltachta agus go deimhin d'Údarás na Gaeltachta é nuair a thiteann líon na bhfostaithe i dtionscail faoi scáth an Údaráis i gceantar Gaeltachta ar bith nó nuair is gá oibrithe a chur ar am gearr. É sin ráite áfach ní mór a thuiscint go bhfuil brú ag teacht ar earnálacha tionscail áirithe i.e., tionscail éadaí agus tionscail eile traidisiúnta. Chun tionchar an bhrú sin a laghdú i gceantar Thuar Mhic Éadaigh aithníonn an tÚdarás gur gá díriú ar thionscail in earnálacha nua aimseartha agus in earnálacha a oireann do riachtanais an cheantair, a mhealladh ann. Tá roinnt bheag gnóthaí nua bunaithe sa cheantar le cúpla bliain anuas agus, mar chuidiú chun tuilleadh a mhealladh, tá seanspás monarchan atá saor sa cheantar á chóiriú ag an Údarás chun é a chur in oiriuint do ghnóthaí nua.

Top
Share