Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 5 Oct 1999

Vol. 508 No. 3

Written Answers - Ordlathas Dramhaíola.

Trevor Sargent

Question:

69 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil cé mhéad airgid a chuir a Roinn ar fáil faoi na cinnlínte éagsúla san ordlathas dramhaíola anuraidh. [18771/99]

Níl caiteachas mo Roinne briste síos de réir an ordlathais dhramhaíola.

Rinneadh an caiteachas a leanas, de £2.38 milliún nach mór san iomlán, maidir le bainistíocht dhramhaíola i 1998.

Athchúrsáil
Cuireadh £1,539,860 ar fáil do údaráis áitiúla agus don earnáil phríobháideach i dtaca le bonneagar aisghabhála agus athchúrsála dramhaíola a sholáthar. Cuireadh an maoiniú seo ar fáil faoi Chlár Bainistíochta Dramhaíola an Chláir Obriúcháin do Sheirbhísí Comhshaoil 1994-99 (an COSC).
Caitheadh tuairim is £47,000 ar Fheachtas Athchúrsála na Nollag, chun athchúrsáil na pacáistíochta agus na dramhaíola eile a eascraíonn go hiondúil an taca sin den bhliain a chur chun cinn.
Pleanáil la haghaidh Bainistíochta Dramhaíola
Mar chúnamh do na húdaráis áitiúla agus don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus iad ag ullmhú na bpleananna bainistíochta dramhaíola, cuireadh tuairim is £356,000 ar fáil faoin COSC, chun cur i ngníomh na staidéar ar straitéiseanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta do bhainistíocht na dramhaíola a éascú.
Áiseanna Dhramhaíola Guaisí
Cuireadh maoiniú de bheagán thar £195,000 san iomlán ar fáil faoin COSC maidir le soláthar áiseanna bainistíochta dramhaíola guaisí ag an earnáil phríobháideach.
Staidéir indéantachta ar roghanna do chóireáil uisce
Cuireadh cúnamh de £232,000 nach mór san iomlán ar fáil faoin gCiste Comhtháthaithe do thrí staidéar indéantachta i dtaca le:
–roghanna cóireála teirmigh i réigiúin Bhaile Átha Cliath, an Oirthuaiscirt agus an Mheán-Iarthair, agus
–roghanna cóireála bitheolaíochta i mBaile Átha Cliath.
Caiteachas Eile
Rinneadh ranníocaíocht de tuairim is £6,000 i dtaca le riarachán Choinbhinsiún Bhasel (maidir le smacht ar ghluaiseacht na dramhaíola guaisí thar teorainn agus ar a diúscairt).
I dteannta an chaiteachais de £2.38 milliún a luadh thuas, cuireadh maoiniú ar fáil la haghaidh tionscadal éagsúl bainteach leis an dramhaíl freisin, faoin gCiste Comhpháirtíochta Comhshaoil, 1998. Tá sonraí na dtionscadal agus na suimeanna a bhí i gceist sonraithe in eagrán 39 denEnvironment Bulletin (Lúnasa 1998) agus tá cóip de sin ar fáil i leabharlann an Oireachtais.
Ag cuimhneamh ar an bprionsabal gurb é an té a thruaillíonn a íocann, agus ar na polasaithe a leagtar amach sa ráiteas polasaí "Changing Our Ways" i 1998, ní cuí maoiniú ón Státchiste le haghaidh fhorbairt nó fheidhmiú na n-áiseanna diúscairte dramhaíola.
Top
Share