Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Oct 1999

Vol. 508 No. 4

Written Answers. - Cásanna Cúbarnaí.

Trevor Sargent

Question:

152 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Talmhaíochta, Bia agus Forbairt Tuaithe conas tá ag éirí leis an bplean Eorpach chun deireadh a chur le cásanna cúbarnaí ina gcothaítear cearca faoi láthair. [19111/99]

Ag cruinniú mhí an Mheithimh de Chomhairle na nAirí (Talmhaíocht) comhaontaíodh rialacha nua don AE trí chéile, atá leagtha amach i dTreoir ón gComhairle 1999/74/CE an 19 Iúil 1999 agus a leagan síos íoschaighdeáin mar chosaint do chearca atá ag breith. Áirítear sna rialacha nua – agus bhí áthas orm tacú leo – toirmeasc ar ghnáthchásanna cúbarnaí ón mbliain 2012.

Top
Share