Tá breithniú leanúnach á dhéanamh agam ar na bealaí is fearr chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Tá Coiste bunaithe agam le fíordhéanaí, Coiste Comhairleach na nÓg, le comhairle a tabhairt dom maidir le todhchaí na Gaeltachta. Chomh maith le sin d'iarr mé ar an Lár-Oifig Staidrimh mionanailís a dhéanamh ar phatrúin teangeolaíochta na tíre, an Ghaeltacht san áireamh, bunaithe ar thorthaí Daonáirimh 1996. Úsáidfear an t-eolas sin chun críche bheartas teanga, ar a n-áirítear breithniú a dhéanamh ar na limistéir Ghaeltachta.