Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Written Answers. - Comhairle Pobail na Rinne.

Brian O'Shea

Question:

53 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil cinneadh déanta aici fós deontas a chur ar fáil maidir le hatógáil Halla Pobail na Rinne; cad é leibhéal an deontais a bheidh i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19171/99]

Tá an t-iarratas áta faighte ó Chomhairle Pobail na Rinne ar chúnamh chun forbairt a dhéanamh ar an halla pobail á mheas ag mo Roinnse faoi láthair. I dtaca leis sin bhí oifigeach de chuid mo Roinne i dteagmháil leis an gComhairle arís le déanaí maidir le sonraí riachtanacha a sholáthar.

Déanfar an t-iarratas a mheas tuilleadh nuair a bheidh an t-eolas atá iarrtha curtha ar fáil.

Top
Share