Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 14 Oct 1999

Vol. 509 No. 3

Written Answers. - Lóistin Mhic Léinn.

Trevor Sargent

Question:

146 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an nglacann sé leis go mbíonn deacrachtaí móra ag scoláirí tríú leibhéal lóistín nó tithíocht ar cíos a fháil; an féidir leis cur síos a dhéanamh ar phlean ar bith atá aige cabhrú le scoláirí a bhíonn i gcruachás dá bharr; agus cé mhéad a chosnóidh aon phlean atá i gceist. [20201/99]

Tá a fhios agam gur fadhb í do mhic léinn lóistín réasunta saor a fháil. Tá baint ag an bhfadhb seo leis na deacrachtaí tithíochta i gcoitinne, deacrachtai atá ag dul i méid le blianta anuas, go háirithe i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil fadhbanna ar leith. Im' thuairimse, is é bunús na faidhbe ná an ghá atá ann an líon tithe a chuirfear ar fáil do mhic léinn amháin a mhéadú, agus an méid brú a bhainfear ó chóras na gcíos dá bharr sin. Anuraidh d'iarr an Roinn seo agamsa ar an Údarás um Ard-Oideachais dul i gcomhairle leis na hollscoileanna maidir le cúrsaí lóistín do mhic léinn. Mhol na hollscoileanna d'aonghuth go mbeadh spreagadh cánach ann i dtaca le lóistín a chur ar fáil do mhic léinn ar láthair na nollscoilenna nó i ngar dóibh.

Thug an Rialtas faoi na fadhbanna seo a réiteach tré faoiseamh cánach faoi théarmaí Chuid 23 a chur ar fáil i gCuid 50 den Acht Airgeadais 1999, sa chás gur cuireadh lóistín ar fáil ar cíos do mhic léinn tríú leibhéal. Cuireadh líon suntasach tithe do mhic léinn ar fáil toisc spreagadh cánach a bheith ar fáil. Tuigim go bhfuil moltaí á scrúdú ag roinnt coláisti i dtaca le lóistín do mhic léinn i gcomhthéacs faoiseamh cánach.

Measaim gur fearr an réiteach seo ar an bhfadhb seachas deontaisí a mhéadú i gcoitinne, rud a chosnódh a lán airgid agus nach gcabhródh in aon chor le mic léinn agus iad ag iarraidh lóistin a fháil ar cíos.

Top
Share