Bunaíodh an comhlacht seo ar eastát tionscail Ghaoth Dobhair i 1974, 25 bliain ó shoin, agus i rith an ama sin chuir sé fostaíocht den scoth ar fáil do na hoibrithe a bhí fostaithe ansin, an chuid is mó acu fir. Nuair a tháinig an fógra, tá cupla seachtain ó shoin, go bhfuil an comhlacht chun an mhonarca a dhúnadh agus 87 duine atá ag obair ansin a ligint chun bealaigh is cinnte gur buile mór é, ní hamháin do na daoine a bhí ag obair ansin ach don cheantar Gaeltachta sin ar fad agus go speisialta, don eastát tionscail féin.
Fir ar fad atá ag obair sa chomhlacht, taobh amuigh de thriúr ban. Tá sin tábhachtach mar go bhfuil sé chomh deacair sin, i láthair na huaire, tionscail a fháil ins na Gaeltachtaí le hobair a chur ar fáil d'fhir. De ghnáth tá sé níos fusa tionscail éadaí agus mar sin de a fháil le mná a choinneáil ag obair. Mar sin, is buile mór é. Tá cuid de na daoine seo ag obair sa mhonarcha le 25 bliain agus go leor acu gur cinn teaghlaigh iad agus freagrachtaí airgid acu, agus cuirfidh an dúnadh seo astu go mór.
Tá sé cúpla seachtain ó fógraíodh seo agus ag an phointe seo, ní shílim go bhfuil aon dul siar ar an chinneadh atá déanta. Tá an tionscail seo faoi smacht comhlacht Rettig atá lonnaithe san Fhionnlainn. Tá an socrú déanta acu agus ní shílim gur féidir dul siar air. Bhí comhráití ar siúil le cupla seachtain anuas le téarmaí iomarcaíochta agus mar sin a phlé agus a shocrú agus, chomh fada agus is eol dom, tá sin déanta. Is é an fáth go bhfuil mise ag tógáil na ceiste anseo – agus tá lucháir go bhfuil an tAire Stáit i láthair – chun a rá leis an Aire Stáit go bhfuil sé iontach tábhachtach go ndéanfadh sé féin, a Roinn agus go mórmhór Údarás na Gaeltachta gach dícheall chun tionscail eile a fháil isteach le fostaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a chaill a gcuid postanna i Dianorm. Ní hamháin gur cailleadh postanna i Dianorm le bliain anuas ach cailleadh postanna eile ar an eastát i nGaoth Dobhair chomh maith. Mar shampla, ligeadh oibrithe i BMR – cuid acu páirt-aimseartha – chun siúil agus cailleadh postanna i Qualtron chomh maith. Tá deacrachtaí ag an eastát sin i láthair na huaire agus caithfidh an t-údarás, le tacaíocht an Aire, aire ar leith a thabhairt don eastát agus na postanna atá ansin a chaomhnú agus cur leo más féidir.
The announcement by Dianorm in the industrial estate that it was closing down operations from 26 October with the loss of 87 jobs came as a bombshell to the Gaeltacht area of west Donegal. Since its establishment in 1974 Dianorm and its predecessor, Diatherm, was one of the flagship industries on the estate. Its product was radiators for central heating. It was looked upon and accepted as a heavy duty and substantial industry. Its workforce is predominantly male – 83 out of a total of 87, in fact. The closure of this industry is a severe body blow, not alone to this Gaeltacht industrial estate but also to west Donegal. At this stage the decision to close seems to be irreversible.
The Minister of State and Údarás na Gaeltachta should do everything possible to find a replacement industry. Many of the workers who are being made redundant are the sole breadwinners for their families. Many have financial commitments and responsibilities for mortgages and other necessary borrowings. Alternative employment is urgently required and I am asking the Minister of State to give this matter top priority immediately and without delay.
Níl fágtha ag na hoibrithe ach cúpla seachtain eile. Beidh siad ag dul chun bóthair agus tá súil agam go ndéanfar gach dícheall fostaíocht buan a chur ar fáil dóibh chomh luath agus is féidir.