Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Oct 1999

Vol. 509 No. 4

Written Answers. - Coir Gnéas.

Trevor Sargent

Question:

323 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí cén moladh a thug nó a thabharfaidh sé don Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil tar éis tuairisce faoi thiománaí tacsaí a d'ionsaigh paisinéir agus an bhaint a bhí ag an tiománaí leis an gcailín i gcás "X" agus ar cheart do thiománaithe tacsaí dul faoi scrúdú amach anseo mar thoradh ar an tuairisc seo. [20651/99]

Teagraim don fhreagra a thug mé ar an 29 Meán Fomhair don Tairiscint an Dáil a chur ar athló maidir leis an gcás atá luaite ag an Teachta.

Tar éis do na gardaí ceadúnas an t-iarrathóra thuas-luaite a chealú chuir údaráis an Gharda Síochána dream athbhreithnithe ar bun chun na modhanna a bhí in úsáid ag an am sin chun iarrtais ar cheadúnas le haghaidh feithicilí beaga seirbhise poiblí, a scrúdú. Instear dom go dtáinig an dream le céile agus go bhfuil roinnt dá mholtaí á mheas ag údaráis an Gharda Síochána.
Ni féidir liom a insint duit, ag an bpointe seo, na bearta áirithe á scrúdú ag údaráis Gharda Síochána de bhrí nach bhfuil siad tugtha chun críche go fóill acu.
Is féidir liom, áfach, geallúint a thabhairt don Teachta go gcuirfear i gcrích chomh luath agus is féidir pé athruithe a mholann údaráis an Gharda Síochána.
Top
Share