Tá ainmhithe na tíre seo ag fanacht le blianta fada agus ag fulangt le blianta fada mar nach bhfuil dlí shásúil ann chun iad a chosaint agus chun an pionós ceart a chur ar na coirpigh chruálacha a bhíonn mar úinéirí orthu ó am go chéile.
Cuireadh déistin orm nuair a chuala mé le déanaí faoi chás amháin tar éis d'fhear madra a lámhach os comhair beirt pháiste. Ghearr an chúirt fíneáil 50p air agus b'shin an méid.
In ainneoin sin, nuair a cheistigh mé an tAire Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe faoin easpa reachtaíochta sásúla ar ainmhithe, mhaígh sé go raibh uasfhíneáil de £1,500 nó sé mhí sa phriosún ar ‘summary conviction' nó £10,000 no dhá bhliain i bpriosún ar ‘conviction on indictment'.
Ach is scannal amach is amach é nach bhfuil aon teora ar an bhfíneál is ísle gur féidir le cúirt a ghearradh. Cén cinéal teachtaireachta a thugann fíneáil 50p sa chás thuasluaite don saol mór? Gan dlí nua, 'sé an teachtaireacht ná go bhfuil an rialtas seo ar nós cuma liom faoin bpian agus faoin strus ina bhfuil go leor madraí, cait, ainmhithe iasachta, capaill agus eile ag fulaingt.
Faoi láthair agus le fada, níl aon smacht ar dhuine a bhfuil crogall á choimeád aige sa seomra folcha. Má chuirtear ceist ar an Dublin Society for the Prevention of Cruelty to Animals, déarfaidh siad go bhfuil go leor nathar – sé sin le rá, ‘snakes' – acu a d'éalaigh ó thithe in Éirinn. Buíochas mór le Dia nach bhfuil aon cheann acu nimhneach go fóill. Má shiúil tú amach san oíche timpeall Chluain Dolcáin i 1996, gach seans gur bhuail tú le fear agus jaguar – cat mór fiáin – ar théad aige amuigh ag siúl chomh maith. Da mba mhian leat, d'fheadfá eilifint a choimeád sa chúlgháirdín agat faoi láthair agus cad tá déanta ag an Rialtas faoi seo? Faic.
Ní gá do dhuine ceadúnas a fháil chun scoil mharcaíochta a bhunú nó chun marcaíocht capall a theagasc. Ní gá ceadúnas a fháil chun ionaid conchró – boarding kennels – do mhadraí agus do chait a reachtáil. Níl aon dlí ann fiú chun cead a thabhairt do thréadlaí nó do Gharda dul isteach i gclós feirme nó i gcúlghairdín má tá ainmhí ceangailte gan aclaíocht le fada an fhaid is a bhíonn sé cothaithe agus dídean aige.
Fiú i siopa do pheataí, níl siad mar chuid de dhlí ar bith agus níl caighdeán ar bith ann do mhéid na gcásanna sa tsiopa fiú. Ní raibh Control of Dogs Act againn ach amháin nuair a d'ionsaigh madra leanbh óg i dTamhlacht i 1986. Ní raibh Control of Horses Act againn go dtí gur bhuail capall bus i mBaile Átha Cliath i 1996. An gá dúinn fanacht le tragóidí eile, mar shampla, bás linbh ag boa constrictor, roimh exotic animals Act?
Dúirt Mahatma Gandhi: "The greatness of a nation can be told from the way it treats its animals". Well, is scannal amach is amach é an méid atá déanta ag an Rialtas seo ar son mhuintir na hÉireann
Tá an Rialtas ag brath ar Acht ó Rialtas Shasana a théann siar go dtí 1911, "An Act to consolidate, amend, and extend certain enactments relating to Animals and to Knackers; and to make further provision with respect thereto".
Lúaitear an tAcht sin go minic sna cúirteanna. Bíonn an duine atá ciontaithe "liable on summary conviction to a fine not exceeding five pounds for the first occasion, and not exceeding en pounds for the second". B'fhéidir go raibh sin réadúil i 1911 ach is minic nach ndéanann na cúirteanna tagairt do The Control of Horses Act, áit a bhfuil na fíneálacha níos mó ná sin. Déanann siad dearmad ar an Acht nua sin agus iad fós ag braith ar an sean-Acht, an "public general Act in the reign of His Majesty, King George the Fifth" Is scannal amach is amach é go bhfuil Rialtas na hÉireann ag braith ar an gcineál sin dlí nuair atá ainmhithe ag fulaingt timpeall na tíre seo agus 50p mar fhíneál á chur ar dhaoine atá ag imirt cos-ar-bholg ar ainmhithe. Tá sé thar am ag an Aire rud éigin fiúntach agus réadúil a dhéanamh faoi seo.