Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Nov 1999

Vol. 510 No. 4

Written Answers. - Ioncaim Cánach.

Trevor Sargent

Question:

122 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Airgeadais cé mhéad íocóirí cánach a bhí ann a raibh ioncam comhiomlán acu faoi £20,000, idir £20,000 agus £50,000, idir £50,000 agus £100,000, idir £100,000 agus £250,000 agus níos mó ná £250,000 suas go dtí Aibreán 1999. [18699/99]

Tá curtha in iúl dom ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an eolas cuí atá ar fáil gur de réir rangú ioncaim comhiomlán a áiritear líon na níocóirí cánach don bhliain chánach 1998-99.

Seo a leanas an t-eolas atá á lorg chomh fada is atá sé ar fáil:

Bliain Chánach 1998/99

Rangú Ioncaim Comhiomlán

Líon na nIocóirí Cánach

Faoi £20,000

725,700

£20,001-£50,000

382,900

£50,001-£100,000

47,300

£100,001-£250,000

9,700

Ós cionn £250,000

1,300

Nótaí
(1)Lánúin phósta a bhfuil comhpháirtíocht in íocaíocht cánach roghnaithe acu nó a meastar a bheith roghnaithe acu áiritear iad mar aonad cánach amháin.
(2)Is figúirí beartaithe na meastúcháin seo ar féidir athbhreithnú a dhéanamh orthu.
Top
Share