Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Nov 1999

Vol. 510 No. 6

Written Answers. - Athruithe Aeráide.

Trevor Sargent

Question:

287 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil an rachaidh sé go dtí Bonn na Gearmáine ón 25 Deireadh Fómhair go dtí an 5 Samhain i dteannta ceannairí rialtas eile chun socruithe a aontú a leigheasfaidh na hathruithe aeráide atá ag téamh na cruinne; agus cad iad na moltaí agus na pleananna a thabharfaidh sé leis ón tír seo go dtí an cruinniú. [19162/99]

Socraíodh seasamh na hÉireann don Chúigiú Chomhdháil de Chomhphártithe Choinbhinsin na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide mar chuid de sheasamh aontaithe an AÉ ina iomláine. Le haghaidh sonraí ar thoradh na comhdhála, déanaim tagairt don fhreagra ar Cheisteann Uimhreacha ar riar oibre an lae inniu.

Top
Share