Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Nov 1999

Vol. 511 No. 2

Written Answers. - An Ghaeilge sna Gaeltachtaí.

Brian O'Shea

Question:

14 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a rachaidh sí i mbun tionscnaimh straitéisigh i leith láidriú na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23703/99]

Tá sé i gceist ag mo Roinnse straitéis teanga don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm i gceantair áirithe Ghaeltachta ar bhonn píolótach. Bheadh i gceist, sa straitéis seo, na fadhbanna agus na deacrachtaí a bhaineann leis an teanga sa Ghaeltacht a aithint, leigheasanna a mholadh agus plean a chur i bhfeidhm. Tá scrúdú á dhéanamh ag mo Roinnse faoi lathair ar na bealaí is fearr chun tabhairt faoin obair.

Top
Share