Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Nov 1999

Vol. 511 No. 2

Written Answers. - Coláistí Samhraidh.

Dinny McGinley

Question:

28 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén deontas laethúil a íoctar i leith daltaí a fhreastalaíonn ar choláistí samhraidh; cén dáta deireanach a ardaíodh an deontas; agus an bhfuil sé ar intinn aici ardú eile a thabhairt don bhliain seo chugainn. [23738/99]

Faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, íocann mo Roinnse deontas laethúil £4.40 i leith gach foghlaimeora cáilithe a mbíonn ar iostas le teaghlaigh cháilithe sa Ghaeltacht fad a bhíonn siad ag freastal ar choláistí Gaeilge samhraidh aitheanta. Bíonn deontas laethúil £3.75 iníochta faoin scéim i gcás foghlaimeoirí cáilithe a bhíonn ar iostas i mbrúanna nó coláistí cónaithe.

Méadaíodh an deontas i 1998 agus níl aon chinneadh déanta maidir le méadú eile ach tá an cheist sin á scrúdú agam faoi láthair.

Top
Share