Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Nov 1999

Vol. 511 No. 2

Comhairle Bill, 1999: Second Stage. - Expressions of Sympathy.

I am sure the House would wish me to offer its sympathy to the Minister of State at the Department of Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands, Deputy Éamon Ó Cuív, and the Minister, Deputy de Valera, who have suffered a bereavement.

Aontaím leis an moladh sin. Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh leis an Aire Stáit as ucht bhás a athar agus leis an Aire as ucht bhás a h-uncail. Go ndéana Dia trócaire air.

Aontaím leis sin.

Aontaím leis an méid atá ráite ag an Ceann Comhairle agus ag an Teachta. Déanaim féin comhbhrón leis an Aire Stáit ar bhás a athar agus ar an Aire féin. Ar dheis Dé go raibh sé.

Ba mhaith liom freisin comhbhrón a dhéanamh leis an Aire Stáit agus an Aire.

Ba mhaith liom cur leis an rún comhbhróin atá curtha i láthair ag na Teachtaí eile agus mo chomhbhrón féin agus muintír na Gaeltachta i dTír Chonaill a chur in iúl don Aire Stáit fán scéal brónach a fuair sé ag an deireadh seachtaine. Bhí sé linn féin i nGaeltacht Thír Chonaill Dé hAoine seo caite agus tá mé cinnte gur tháinig sé tobann mar ní raibh aon trácht air ag an am.

Scoláire mór Gaeilge a chuir canúintí na Gaeilge inár láthair go proifisiúnta agus go léannta é. Ní amháin gur cailliúint mhór do chlann Uí Chuív é – dona bhean, dona theaghlach agus don Aire í féin – ach do theanga na hÉireann ar fad.

I too wish to be associated with the expressions of sympathy to the Minister of State and the Minister.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Teachtaí ar fad as ucht a gcomhbhrón a chur in iúl.

Top
Share