Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Dec 1999

Vol. 512 No. 6

Written Answers. - Cód Cáineach.

Trevor Sargent

Question:

197 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Airgeadais cad é a cheapann sé faoin tuairim atá ag go leor eagraíochtaí deonacha gur cheart cáin a ghearradh ar idirbhearta airgeadais ós rud é go bhfuil tacaíocht tugtha don bheart sin, ar a dtugtar the Tobin Tax, ag Parlaimint Cheanada agus parlaimintí eile. [26728/99]

Is é atá i gceist leis an Cháin Tobin ná cáin a ghearradh go domhanda ar gach idirbhearta airgeadais, chun luaineacht maidir le ráta malairte a laghdú agus chun ioncam a chruinniú chun tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt idirnáisiúnta.

Cé gur féidir glacadh le cuspóirí an dreama atá i bhfabhar na cánach seo a ghearradh, is cosúil gurb é tuairim thromlach ha saineolaithe ná go bhfuil lochtanna troma, leitheadacha, urithi mar cháin; fadhbanna go príomha, maidir lena cur i bhfeidhm. Cibé iad na fiúntais theoiricícula a bhaineann leis an chain, is abhar díospóireachta é go gcaithfeadh comhoibriú domhanda a bheith ann maidir le Cáin Tobin. Mura mbeadh an comhoibriú domhanda seo ann, rachadh an gnó malairte eachtrach i dtreo thír ar bith nach ngearrfadh an cháin. Mar gheall ar seo, ta amhras ann an ngearrfadh gach tír cain mar seo nó an rud go gcuirfeadh tír amháin i bhfeidhm í go haontaobhach.
Top
Share