Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Feb 2000

Vol. 513 No. 3

Written Answers. - Gaeilge sa Ghaeltacht.

Michael D. Higgins

Question:

115 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an n-aontaíonn sí go bhfuil úsáid na Gaeilge ag dul in léig sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2345/00]

Glacaim leis nach bhfuil labhairt na Gaeilge chomh láidir agus ba mhaith linn uile í a bheith i gceantair áirithe sa Ghaeltacht.

Is é lárchuspóir polasaí mo Roinne an Ghaeilge a bhuanú agus a húsáid a leathnú sa Ghaeltacht. Chuige sin tá i gceist agam a mholadh don Rialtas go mbunófaí coimisiún chun moltaí a dhéanamh faoi na bealaí gur féidir an Ghaeilge a láidriú mar ghnáth-theanga an phobail sa Ghaeltacht.
I mbliana, chomh maith, díreofar ar an mBille Comhionnanas Teanga a sholáthróidh go mbeidh an ceart dlíthúil ag saoránaigh a ngnó a dhéanamh leis an Státchóras trí Ghaeilge má thograíonn siad amhlaidh agus gur gá go gcuirfí seirbhís trí Ghaeilge ar fáil a bheadh ar chomhchaighdéan le seirbhís trí Bhéarla.
Ar ndóigh leanfar ag cabhrú le tionscadail éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta ar mhaithe leis an teanga trí scéimeanna éagsúla mo Roinnse.
Top
Share