Mar is eol don Teachta sé an chaoi go hiondúil ná go dtugtar tacaíocht do a leithéid de sheachtainí, a bhíonn á reachtáil de ghnáth ag an earnáil dheonach, tré airgead a chur ar fáil dóibh. Maidir leis an Ghaeilge taobh istigh den Oireachtas, níl aon fhreagracht ag mo Roinnse i dtaobh na ceiste sin. Is ceist í go hiomlán don Oireachtas féin agus do na coistí cuí. Mar a chéile ó thaobh cúrsaí an Tí seo a chraoladh, tá coiste ag an Teach seo maidir leis sin agus ní bheadh sé ceart domsa a rá leis an choiste sin cén chaoi le rudaí a dhéanamh. Go ginearálta is údar díomá domsa agus don Aire a laghad clúdach a thugtar sna meáin i gcoitinne do imeachtaí a reachtáiltear tré Ghaeilge sa Teach seo.
Is minic a chuirtear ceist orm cén fáth nach n-úsáidtear níos mó Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Bíonn íontas ar dhaoine go n-úsáidtear an oiread sin Gaeilge mar ní bhíonn sí le feiceáil nó le cloisteáil nó le léamh sna páipéir nuachta. Ach mar a thuigeann an Teachta níl aon neart agamsa ar sin.
Maidir leis an Aire, tá mé in ann a dheimhniú don Teachta go bhfuil dalladh Gaeilge ag an Aire.