Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 30 May 2000

Vol. 520 No. 1

Written Answers. - Oifig an Fhorais Teanga.

Trevor Sargent

Question:

326 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dearcadh atá aici i leith an fheachtais chun príomhoifigí an Fhorais Teanga a lonnú in Iarthar Bhéal Feiriste agus an bhfuil an tAire sásta bualadh le hurlabhraithe an fheachtais chun an scéal ina iomláine a phlé. [15359/00]

Beidh Oifig ag an Áisínteacht i mBéal Feirste. Beidh an t-ionad a roghnófar don Oifig i mBéal Feirste le faomhadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas. Maidir le cruinniú le dreamanna atá ag iarraidh ionad amháin a bhrú seachas ceann eile ní bhéadh sé iomchuí cinneadh a thógáil faoi seo go dtí go mbeidh deis agam an cheist ar fad a phlé le mo chomhAire Micheal Mc Gimpsey.

Top
Share