Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 274 den 29 Feabhra uaidh.
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta: de bharr cúiseanna teicniúla agus athruithe eile sa phríomh-mhargadh a bhí i gceist don tionscal seo go bhfuil moill curtha ar an gcur i bhfeidhm; go bhfuil na príomhaithe agus speisialtóirí ag obair go gníomhach ar an togra; cé go bhfuil sé róluath sprioc ama cinnte a lua go bhfuil an tÚdarás dóchasach, ón obair atáthar á dhéanamh ar na táirgí i gceist agus ar tháirgí breise, go rachaidh an gnó ar aghaidh ar bhonn leanúnach faoi dheireadh na bliana nó roimhe sin; agus go mbeidh obair thrialach ar bun sa mhonarcha, san idirlinn, de réir mar a bheidh ag teastáil.