Cuirtear an Ghaeilge ar fáil ag leibhéil éagsúla chun freastal ar an raon leathan cumais agus spéise atá i gceist sa chohórt daltaí.
Tugann na staitisticí a bhaineann le cúrsaí scrúduithe sa Ghaeilge le tuiscint go bhfuil ag éirí go maith ar an iomlán le foghlaim agus le múineadh na Gaeilge. Treisíonn an chomparáid idir torthaí na scrúduithe i gcás na Gaeilge agus na torthaí in ábhair eile leis an tuiscint sin. Ó tugadh isteach an teastas sóisearach agus ó leasaíodh siollabas na hardteistiméireachta, tá méadú suntasach tagtha ar chéatadán an chohóirt a sheasann scrúduithe ardleibhéil i gcomparáid le seanscrúduithe ardchúrsa na meánteistiméireachta agus na hardteistiméireachta.
Cuid d'ár gcóras oideachais le fada an riachtanas a bhaineann leis an nGaeilge agus le hábhair eile ar an gcuraclam. Is é cuspóir leis an riachtanas atá i gceist sna cásanna sin ná a chinntiú go bhfaighidh daltaí oideachas leathan cothrom.
Tá sé tábhachtach go dtuigfí go mbaineann an riachtanas i gcás na Gaeilge le staidéar a dhéanamh ar an ábhar sin. Is féidir teastas a ghnóthú sa seastas sóisearach nó san ardteistiméireacht gan grád a bhaint amach sa Ghaeilge.
Irish is offered at a range of levels in order to cater for a wide range of ability and interest among the student cohort. Statistics for examinations in Irish suggest that, on the whole, the learning and teaching of the language are successful. Comparative analysis of results in Irish and in other subjects supports this view.
Since the introduction of the junior certificate examination and the revision of the leaving certificate syllabus, there has been a substantial increase in the percentage of candidates taking higher level by comparison with the former higher courses in intermediate certificate examination and the leaving certificate examination.