Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Nov 2000

Vol. 525 No. 5

Written Answers. - Gaeilge sa Chéad Daonáireamh Eile.

Brian O'Shea

Question:

132 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an raibh aon agallamh ag oifigigh na Roinne le oifigigh i Roinn an Taoiseach mar gheall ar cheisteanna ar an nGaeilge sa chéad daonáireamh eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25592/00]

Ní raibh aon chomhráite agam leis an Taoiseach nó ag oifigigh mo Roinnese lena chuid oifigeach i dtaca le ceisteanna faoin nGaeilge sa chéad Daonáireamh eile. Mar is eol don Teachta, is ceist leasaithe faoin nGaeilge a cuireadh i nDaonáireamh 1996 agus is gá go leanfar leis an gceist chéanna sa chéad Daonáireamh eile d'fhonn go mbeidh leanúnachas ann i dtaca le tuiscint a bhaint as na freagraí.

Tá mé sásta go raibh éifeacht agus ciall leis na ceisteanna faoin nGaeilge sa daonáireamh déireannach.

Top
Share