Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Nov 2000

Vol. 525 No. 5

Written Answers. - Leabhar na Meastachán.

Trevor Sargent

Question:

145 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéad airgid agus foinsí airgid a chuirfear i leataobh sna meastacháin chun cumhachtaí an Bhille um Fhiadhúlra (Leasú), 1999, a chur i bhfeidhm. [25630/00]

Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera)

Foilseofar Leabhar na Meastachán don bhliain 2001 níos déanaí sa seachtain seo. Idir an dá linn, ní féidir liom aon eolas a chuir ar fáil don Teachta faoi airgeadú mo Roinne don bhliain seo chugainn.

Top
Share