Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Nov 2000

Vol. 525 No. 5

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Pádraic McCormack

Question:

147 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uimhir daltaí i ngach scoil i nGaillimh a rinne iarratas ar Scéim Labhairt na Gaeilge i rith 1999 agus 2000 agus cén uimhir daltaí i ngach scoil ar éirí leo an deontas a bhaint amach. [25598/00]

Tá Scéim Labhairt na Gaeilge dírithe ar theaghlaigh a bhfuil cónaí orthu sna Limistéir Ghaeltachta.

Tá 1439 iarratas faoin Scéim scrúdaithe go dáta i gContae na Gaillimhe don scoilbhliain 1999/00.

Seo a leanas toradh na n-iarratas sin:–

Líon teaghlaigh a thuill an Deontas Iomlán faoin Scéim:

1065

Líon teaghlaigh a thuill an Deontas Laghdaithe faoin Scéim:

217

Líon teaghlaigh Diúltaithe faoin Scéim:

157

Tá roinnt iarratais fós le scrúdú.
Tá an scéim bunaithe ar theaghlaigh agus ní ar scoileanna agus mar sin tá an t-eolas tugtha agam ar an mbonn sin.
Top
Share