Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Nov 2000

Vol. 525 No. 5

Written Answers. - Oileáin Urchósta.

Dinny McGinley

Question:

149 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na hoileáin nach bhfuil seirbhís rialta farantóireachta curtha ar fáil dóibh go fóill agus na pleananna atá ag a Roinn do réiteach na ceiste. [25600/00]

Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera)

I dtosach báire ní miste dom a rá go bhfuil seirbhís rialta farantóireachta le cúnamh fóirdheontais ó mo Roinnse ar fáil do na hoileáin seo a leanas:

Contae

Oileán

Dún na nGall*

Oileán Thoraí

Maigh Eo

Oileán ChliaraInis Túirc

Gaillimh

Inis MórInis OírrInis MeáinInis Bó Finne

Corcaigh

Oileán BéaraOileán FaoideInis EarcáinOileán Chléire

*Tuigim go bhfuil seirbhís rialta á chur ar fáil do Oileán Árainn Mhor, Co Dhún na nGall le roinnt blíanta ag cómhlacht a bhfuil bád ar léas acu ó Údarás na Gaeltachta.
Tá mo Roinn sásta breathnú ar riachtanais ó oileáin eile a bhfuil buanchónaí dóthaineach iontú chun seirbhís rialta farantóireachta foirdheonaithe a chur ar fáil ach na critéir seo a bheith comhlíonta: Riachtanas, éileamh, practiciúlacht, costas, saoráidí oiriúnacha a bheith ar fáil.
Top
Share