Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Nov 2000

Vol. 526 No. 6

Written Answers. - Scéim Forbartha Scoile.

Brian O'Shea

Question:

413 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gcuirfidh sé chuige céim a trí den Scéim Sceitse Forbartha do Mheánscoil San Nioclás, Rinn ó gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge a bhrú ar aghaidh go tapaidh mar go bhfuil géarghá chomh mór sin leis an scoil nua agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [27708/00]

Tabharfar scrúdú Chéim 3 den aighneacht i leith na cóiríochta nua do Scoil San Nioclás, Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Contae Phort Láirge chun críche chomh luath agus is féidir agus cuirfear cinneadh in iúl do phríomhoifigeach feidhmeannais choiste gairmoideachais, Contae Phort Láirge.

Top
Share