Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Dec 2000

Vol. 528 No. 1

Written Answers. - Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

Brian O'Shea

Question:

397 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé sásta glacadh le héileamh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta - Coiste na Mumhan - maidir leis an struchtúr nua don Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna (an t-eolas leis seo) agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [29346/00]

Forálann alt 31 den Acht Oideachais, 1998 go mbunóidh an tAire comhlacht daoine chun comh-ordú, tacú agus comhairle a chur ar fáil maidir le múineadh trí Ghaeilge agus múineadh na Gaeilge. Tá mo Roinn i mbun pleanála do bhunú comhlachta de réir mar a éilítear san Acht faoi láthair agus féadfaidh an Teachta bheith cinnte go ndéanfar na pointí a luann Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta a mheas go cuí sa gcomhthéacs seo.

Top
Share