Dinny McGinley
Question:206 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an dul chun cinn atá déanta ag comhlacht (sonraí ar fáil) maidir le fostaíocht bhreise a chur ar fáil i nDún na nGall. [30087/00]
Vol. 528 No. 2
206 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an dul chun cinn atá déanta ag comhlacht (sonraí ar fáil) maidir le fostaíocht bhreise a chur ar fáil i nDún na nGall. [30087/00]
Is gnó d' Údarás na Gaeltachta é seo. Tuigim ón Údarás áfach: gur ghlac siad céimeanna áirithe foirmiúil in aghaidh an chomhlachta (i.e., na deontais a tugadh don ghnó a aisghairm) ach, ar iarratas ón gcomhlacht, gur cuireadh na céimeanna sin ar athló chun deis a thabhairt do fheidhmeannaigh an Údaráis agus d'ionadaithe an chomhlachta teacht ar chomhréiteach; mar chuid den chomhréiteach sin, gur gheall ionadaithe an chomhlachta plean a shásódh aidhmeanna an Údaráis agus riachtanais an chomhlachta a chur faoi bhráid an Údaráis; agus go bhfuarthas an plean sin san Údarás ar 5 Nollaig agus go bhfuiltear á scrúdú faoi láthair.