Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 14 Dec 2000

Vol. 528 No. 3

Other Questions. - Polasaí don Ghaeilge.

Eamon Gilmore

Question:

10 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén plean atá aici chun go mbeidh polasaí comhaontaithe á fheidhmiú idir na meáin chumarsáide (raidió agus teilifís) i dtaca leis an nGaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30013/00]

Proinsias De Rossa

Question:

16 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta le Coimisiún na Gaeltachta; an mbeidh an tuairisc ar fáil roimh dheireadh 2001; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30010/00]

Proinsias De Rossa

Question:

33 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an raibh aon díospóireacht idir í féin agus ranna eile i dtaobh polasaí straitéisigh don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30011/00]

Tógfaidh mé Ceisteanna 10, 16 agus 33 le chéile.

Tá téarmaí tagartha leathan tugtha ag an Rialtas don Choimisiún faoin Ghaeilge sa Ghaeltacht. Ar dtús thug an Coimisiún cuireadh poiblí don phobal i gcoitinne tuairimí agus moltaí i scríbhinn a sheoladh chuige. Tuigim go bhfuil os cionn céad aighneacht ón bpobal faighte ag an gCoimisiún go dtí seo. Chomh maith leis sin tá an Coimisiún ag eagrú sraith cruinnithe oscailte ar fud na Gaeltachta agus taobh amuigh di chun seans a thabhairt don phobal tuilleadh tuairimí agus moltaí ó bhéal a chur ar aghaidh. Táthar ag súil leis go mbeidh an próiseas chomhairlithe seo críochnaithe go luath i 2001. Ar ndóigh freisin tá a lán eolas breise le bailiú ag an gCoimisiún agus tuigim go mbeidh Comhairleoirí gairmiúla ag cabhrú leis sa ghné sin den obair. Bheadh súil agam go mbeadh Tuarascáil an Choimisiúin ar fáil don Rialtas roimh dheireadh 2001.

Tá sé mar ceann de Théarmaí Tagartha an Choimisiúin scrúdú agus anailís a dhéanamh ar na tosca agus ar na polasaithe gur cosúil atá chun leas nó chun dochar chaomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá na meáin áirithe sa scrúdú sin. Bheadh suim agam a fháil amach cad díreach atá i gceist ag an Teachta le go gcuirfinn a bhfuil ar intinn aige faoi bhráid an Choimisiúin le scrúdú. Beidh an díospóireacht a bheidh ar bun agam le hAirí Rialtais eile maidir le polasaí straitéiseach don Ghaeilge á ndíriú sa bhliain 2001 ar an Scéim Ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla atá á hullmhú faoi láthair.

Tá iarrtha freisin ar Choimisiún na Gaeltachta anailís a dhéanamh ar a mhéid atá an Ghaeilge in úsáid mar theanga labhartha sna limistéir Ghaeltachta éagsúla. Beidh ról an phobail taobh amuigh den Ghaeltacht i mbuanú agus i gcaomhnú na teanga sa Ghaeltacht le cur san áire amh i moltaí an Choimisiúin. Ar ndóigh ní bheadh an Coimisiún seo ann ach go bhfeiceann an Rialtas go bhfuil gá an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha sa Ghaeltacht. Tá an Coimisiún ag obair go stuama faoi láthair agus ní mór dúinn fanacht anois ar thuarascáil uathu.

Was an answer to Question No. 10 included in that reply?

Go raibh maith agat. Ní raibh sé sofheicthe.

Tá súil agam gur chuala tú é.

Chuala mé an freagra ar fad ach ní raibh sé ar an bpointe, mar a déarfá. Tá na meáin chumarsáide ann agus tá Gaeilge á craoladh ag cuid acu agus níl aon chomhordnú lárnach eatarthu i dtaobh na gclár atá ag dul amach. Nílim ag caint mar gheall ar neamhspleáchas RTE nó Network 2 nó TG4 nó TV3 a laghdú in aon slí. Ach ceapaim níos mó tairbhe le craoladh na Gaeilge dá mbeadh plean straitéiseach ann agus é sin aontaithe ag na craoltóirí éagsúla i dtreo is nach mbeadh siad go léir ag déanamh an rud céanna.

Níl mórán Gaeilge ag teacht ó TV3, cuirim i gcás ach iarraim ar an Aire Stáit an aontaíonn sé go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh beartas comhaontaithe craolacháin sa tír seo i dtaobh na Gaeilge.

Ó thaobh na meán cumarsáide ná déanaimis dearmad go bhfuil Raidió na Life, TG4 agus Raidió na Gaeltachta ann. Tá siadsan mar chrann taca don chraoladh trí mheán na Gaeilge. Glacaim leis gurb éard atá i gceist ag an Teachta ná mar shampla na stáisiúin neamhspleácha agus mar sin de mar dualgas i leith na Gaeilge leagtha síos sa reachtaíocht do RTE agus ní gá níos mó a rá faoi sin.

Bhí áthas orm an tseachtain seo caite gur láinseáil mé tuarascáil a bhí réitithe ag an bhForas Teanga, Gael-linn agus na stáisiúin tráchtála. Tháinig siad le chéile chun an cheist seo a phlé agus le rud éigin a dhéanamh maidir le craoladh trí Ghaeilge ar na stáisiúin sin. Ar ndóigh, is stáisiúin tráchtála iad agus caithfidh siad súil a choinneáil ar an margadh ach tá áthas orm go bhfeiceann na stáisiúin sin go bhfuil lucht labhartha na Gaeilge mar chuid den mhargadh sin, bíodh siad sa Ghaeltachta nó taobh amuigh de, agus go bhfuil siad ag teacht le chéile le comhoibriú an Fhorais Theanga ar an ábhar atá luaite ag an Teachta.

Tá an-mheas agam féin ar an méid atá á dhéanamh ar Raidió na Gaeltachta agus TG4 maidir le cur chun cinn na Gaeltacht. Ach tá sé tábhachtach plean de chineál éigin a bheith againn agus go leagfaí síos caighdeán áirithe ag an bpointe seo. Tá deis ag TG4 agus go mór mór Raidió na Gaeltachta eiseamlár de chaighdeán Gaeilge a leagadh síos don Ghaeilge labhartha sa tír seo mar atá leagtha síos, más ceadmhach dom a rá, ag an BBC i gcás an Bhéarla. Tá canúintí Béarla ar fud na Breataine Móire ach tá caighdeán leagtha síos ag an BBC.

D'fhéadfadh na craoltóirí gairmiúla ar Raidió na Gaeltachta é sin a dhéanamh agus b'fhiú painéal éisteoirí a bhunú ar fud na tíre a d'éistfeadh go rialta agus go laethúil le Raidió na Gaeltachta agus le TG4 agus go ndéanfadh siad moltaí faoi chúrsaí canúna agus caighdeáin sa dóigh go mbeadh an caighdeán céanna ag gach duine atá ag labhairt go gairmiúil ar Raidió na Gaeltachta.

Níl a fhios agam an leanann an tAire Stáit an méid atá á rá agam ach tá sé in am dúinn é sin a dhéanamh anois. Éistim le Raidió na Gaeltachta go minic agus is minic a bhíonn leaganach difriúla ag craoltóirí gairmiúla, mar shampla deir cuid acu bainisteoir na contae, deir cuid eile foireann an chontae, deir daoine eile rúnaí an chontae agus daoine eile bainisteoir an chontae. Ba cheart caighdeán a leagadh síos agus úsáid a bhaint as Raidió na Gaeltachta go mór chun é sin a dhéanamh. Seo rud a d'fhéadfadh Údarás nó Comhairle Raidió na Gaeltachta breathnú isteach ann. Caithfidh caighdeán ceart gramadaí Gaeilge a bheith againn agus níl sé sin ar fáil i láthair na huaire.

Tá an noiméad thart.

Tá ceist an-bhunúsach ardaithe ag an Teachta, sé sin cé leagfaidh síos an caighdeán scríofa agus an caighdeán labhartha. Ceist í sin atá á scrúdú agam i láthair na huaire mar tagann sé i gceist leis an mBille Teanga. Má táimid ag dul cáipéis ar fáil trí Ghaeilge, caithfimid a shocrú cén cineál Gaeilge a bheas ann. Caithfimid a bheith cúramach go mbeidh caighdeán solúbtha ann a thabharfaidh saoirse ag na canúintí fad atá siad dílis don traidisiún feidhmiú taobh istigh de na canúintí. Mar shampla tá brí éagsúil iomlán ag muintir Thír Chonaill le "galánta" agus atá ag muintir Chonamara. Is deas an rud a bheith galánta i dTír Chonaill ach ní deas an rud é i gConamara. Úsáidtear an focal "beirt" i ndhá chomhthéacs éagsúil ar fad i dTír Chonaill agus i gConamara. Ní drochrud é sin.

Tá, áfach, nósanna teanga ag teacht isteach atá glan in aghaidh aon chaighdeán Gaeilge a bhí ann ariamh, mar shampla ‘t' a úsáid roimh ghuta – an Aire in ionad an tAire. Tá sé sin mícheart agus ní luíonn sé le haon chanúint. Caithfimid caighdeán a leagadh síos agus féachaint chuige go gcloítear go hoifigiúil leis ag dreamanna atá ag plé leis an nGaeilge go gairmiúil.

Chuige sin ní mór go mbeadh údarás agus cúram ar dhream éigin bheith i mbun an chaighdeáin. Cheana féin tá ceist téarmaíochta agus foclóireachta leagtha ar an bhForas Teanga agus b'fhéidir go luíonn sé le réasún go leagfaí ceist an chaighdeáin orthu freisin. Táim á scrúdú, is gá é a dhéanamh agus nuair atá sé aontaithe bheadh dream éigin ar nós an raidió nó ar nós na teilifíse a mbeidh sé de chúram orthu cloí leis sin agus é a chur i láthair an phobail agus nós ceart labhartha a chothú i measc an phobail. Ba é an trua é an Ghaeilge a mhilleadh. Is teanga an-bhreá í agus ba é an peaca í a mhilleadh trí ligean don chaighdeán sleamhnú. Ní ghlacfaimid leis sa Bhéarla nó sa bhFraincis agus cén fáth a nglacfaimis leis sa Ghaeilge?

Top
Share