Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 Mar 2001

Vol. 532 No. 1

Written Answers. - Scéimeanna Tógála Scoileanna.

Brian O'Shea

Question:

385 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachas agus Eolaíochta i leith na scéime pleanála do Mheánscoil nua San Nioclás, Rinn ó gCuanach, Dún Garbhán, Contae Phort Láirge, an gceadóidh sé céimeanna a ceathair, a cúig agus a sé a thógáil le chéile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6837/01]

Ba mhian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil cruinniú socraithe don Chéadaoin 7 Márta 2001 idir oifigigh aonad tógála mo Roinne, bord bainistíochta na scoile agus ionadaithe ó Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge.

Pléifear gach ábhar maidir leis an scoil nua seo ag an gcruinniú sin.

Top
Share